Bricfeasta Gnó: Irial Mac Murchú, Bunaitheoir Nemeton
Schedule
Tue Mar 04 2025 at 08:00 am to 09:30 am
UTC+00:00Location
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich | Belfast, NI

About this Event
Bricfeasta Gnó: Irial Mac Murchú, Bunaitheoir Nemeton
Seo anois an triú teacht le chéile ag Clann na nGnóanna Beag in Iarthar Bhéal Feirste - agus ó tharla gur le linn Féile an Earraigh agus Seachtain na Gaeilge a bhéas an crunniú maidne seo, shíl muid gur mhaith an rud é an ócáid a reachtáil i nGaeilge.
Tá cliú ar Nemeton, comhlacht físe as An Rinn, i nGaeltacht Co. Phort Láirge, mar chraoltóir ard-chaighdeán spóírt - corradh le 600 uair a chloig de chláir a craoladh anuraidh.
Ba é Irial a bhunaigh an comhlacht i 1994. Inniu tá foireann ioldánach freagrach as an iomad clár - go háirithe spórt beo — agus as cúrsa oiliúna.
Táimid thar a bheith sásta go bhfuil Irial — a bhfuil baint fhada aige le pobal Gaeilge Bhéal Feirste — toilteneach a bheith linn don ócáid seo atá dírithe ar úinéirí agus ar bhunaitheoirí gnóanna beaga.
Tá suas le 150 duine fostaithe sa chomhlacht, a léiríonn cláir theilifíse do TG4, RTÉ, BBC, maraon le cliaint eile sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe.
Is iad na cláir spóirt bheo, ar nós GAA Beo is mó a tharrangíonn cáil Nemeton, ach tá raon leathan cláir faisnéise á léiriú freisin.
Féachtar ar Mac Murchú mar cheannródaí i réimsí cruthaitheachta, oideachais agus teicniúla na teilifíse.
To mark Seachtain na Gaeilge and Féile an Earraigh, the third in our series of Small Business Roundtables will be held entirely in Irish and feature Irial Mac Murchú founder of production company Nemeton.
Where is it happening?
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Falls Road, Belfast, United KingdomEvent Location & Nearby Stays:
