Turas go hInis Meáin

Schedule

Sat Sep 26 2026 at 10:30 am to 06:00 pm

UTC+01:00
Location

Inis Meáin | Galway, GY

Advertisement
Join us for a one day tour of Inis Meáin 'as Gaeilge' with local resident, guide, and nature lover Aedín Ní Thiarnaigh.
About this Event

Bígi linn le haghaidh turas lae go hInis Meáin, an ceann is síochánta de Oileáin Árann.

Tar éis dúinn an bád a thógáil ó Ros a’ Mhíl, buailfimid le chéile ag an gcéibh thar tar 11.15rn le haghaidh turas ar an oileán in éineacht leis an scríbhneoir, múinteoir, agus bean a bhfuil dúil mhór aici sa dúlra, Aedin Ní Thiarnagh.

Scríobhann Aedín colún álainn gach seachtain i Seachtain san *Irish Independent* faoin saol ar an oileán beag agus faoina grá don Ghaeilge. Is breá le Aedin daoine a threorú timpeall an oileáin.

Tabharfaidh sí ár ngrúpa ar thuras treoraithe chuig Cathaoir Synge agus Teach Synge, le haghaidh léargas ar shean-stíl maireachtála in Inis Meáin, agus Séipéal Mhuire, chun breathnú ar fhuinneoga gloine dhaite Harry Clarke.

Déanfaidh sí plé ar na plandaí fiáinie agus ar thírdreach geolaíoch an oileán, cultúr an oileán, agus athruithe sa saol ann.

Beidh lón ar fáil sa Teach Ósta agus beidh am neamhspleach ag daoine le cuairt a thabhairt ar an trá, an mhonarcha chniotála, nó Dún Conchúir, roimh an bád a thógáil ar ais do dtí an mórthír.

Fágann bád Farantóireachta Oileán Árann an t-oileán arís ag 4.45in.

Tá an turas seo saor in aisce do mhuintir Ghaeltacht an Eachréidh, ach caithfidh tú d’iompar féin a shocrú chuig an oileán. Beidh daoine ag taisteal ar an mbád ó Ros an Mhíl ag a 10.30rn agus is féidir bus a thógáil as lár na cathrach freisin.

Cuir ticéad SAOR IN AISCE in áirithe don turas siúil anseo, mar go bhfuil spásanna teoranta. Níl ach 18 spás ar fáil.

Cuir do thicéad báid (agus bus) in áirithe ag https://www.aranislandferries.com/ nó glaoigh orthu ag (091) 568903, go háirithe má tá taisteal saor in aisce agat.

Tá bus as lár na cathrach ag Árann Island Ferries a nascann leis an mbád farantóireachta go hInis Meáin.

………….

  • PLEASE NOTE ... this tour is in the Irish language and you should have some understanding of Irish to take part.

Join us for a day out on Inis Meáin, the most tranquil of the three Aran Islands.

After taking the boat from Rossaveel, we will meet up on the pier for an informative walking tour with guide, teacher, writer, and nature-lover Aedín Ní Thiarnaigh.

This tour is free of charge to people from Gaeltacht an Eachreidh, but you have to arrange your own transport to and from the island.

We will be meeting on the pier after the 10.30 boat arrives from Rossaveel (at about 11.15am) and returning home on the 4.45pm boat from Inis Oirr.

Our tour will take in Synge’s Chair, Teach Synge, the island’s church (with stained glass windows by Harry Clarke) and Aedin will talk about her love of life and nature on the island since she moved there some years ago.

Please book a FREE ticket for the walking tour here on our Eventbrite page, as places are limited. You can book your boat (and bus) ticket at https://www.aranislandferries.com/ or give them a call at (091) 568903, particularly if you are entitled to free travel.

Aran Island Ferries operate a bus from Galway city centre which links up with the ferry to Inis Meáin.

Advertisement

Where is it happening?

Inis Meáin, Inis Meáin, Galway, Ireland

Event Location & Nearby Stays:

Tickets

EUR 0.00

Know what’s Happening Next — before everyone else does.
Gaeltacht an Eachr\u00e9idh
Host or PublisherGaeltacht an Eachréidh

Ask AI if this event suits you