Tar ag damhsa ó Éirinn go dti an Bhrasail!
Schedule
Sun Apr 12 2026 at 06:00 pm to 09:00 pm
UTC+01:00Location
Annesley House | Dublin, DN
About this Event
Sa cheardlann spraíúil seo, foghlaimeoimid an damhsa seit trí Ghaeilge is an damhsa Brasaíleach trí Phortaingéilis. Foghlaimeoimid le chéile trí fhéachaint ar na daoine timpeall orainn. Níl aon taithí de dhíth agus tá fáilte roimh chách.
Clár Deireadh Seachtaine
Dé Sathairn, 11 Aibreán
• 11:00-13:00
• 14:00-16:00
• 20:00-22:00
Dé Domhnaigh, 12 Aibreán
• 12:00-14:00
• 14:30-17:00
• Tar ag damhsa ó Éirinn go dtí an Bhrasaíl! 18:00-21:00
Roghanna maidir le Ticéid
Is cuid é an t-imeacht seo de chlár dhá lá ina mbeidh 6 imeacht san iomlán (3 cinn Dé Sathairn, 11 Aibreán, agus 3 cinn eile Dé Domhnaigh, 12 Aibreán). Is féidir €10 a íoc as an imeacht aonair seo nó is féidir an Pas Deireadh Seachtaine (€50) a cheannach, rud a ligfidh duit freastal ar imeachtaí uile AerachAiteachGaelach i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Má tá sé i gceist agat freastal ar chúpla imeacht le AAG, gheobhaidh tú an luach is fearr ar an bPas Deireadh Seachtaine.
Mar gheall ar an gcaoi a n-oibríonn Eventbrite, tá an Pas Deireadh Seachtaine liostáilte mar imeacht Eventbrite ar leith.
Tabhair do d'aire: Má cheannaíonn tú an Pas Deireadh Seachtaine, ní gá duit aon ticéad eile a cheannach le haghaidh imeachtaí aonair AAG, tharla go bhfuil imeachtaí uile AAG ar fad san áireamh sa phas. Tá lascaine 20% ar fáil le haghaidh bhaill de chuid AerachAiteachGaelach.
Where is it happening?
Annesley House, 70 North Strand Road, Dublin, IrelandEvent Location & Nearby Stays:
EUR 11.70



















