Cum Amhrán le Sexy Tadhg
Schedule
Sun Apr 12 2026 at 02:30 pm to 05:00 pm
UTC+01:00Location
Cathal Brugha FET, North Strand Campus | Dublin, DN
Songwriting Workshop through IrishAbout this Event
Béarfaidh an sárcheoltóir agus sárlaoch aiteach Sexy Tadhg ar aistear cumadóireachta muid sa cheardlann seo agus amhrán nua Gaeilge á chumadh agus á thaifeadadh le chéile againn. Tosóidh muid leis na buillí agus na cordaí agus ansin tógfaidh muid na liricí agus an fhonnadóireacht ar an mbonn sin. Má tá uirlis agat, beir leat í!
“Tadhg Griffin, aka Sexy Tadhg (the provocative, Fenian moniker I think we’ve all been waiting for), is a shining light in Irish music; with a bona fide rock star presence, it is no wonder they’re selling out shows left and right.”- The Irish Times
“Queer, Creative, And Irish: SexyTadhg Isn’t About To Be Ignored” - Clash Magazine
“Ireland’s most fearless new voice, SexyTadhg is ready to take over.” - DMY
“SexyTadhg is introducing Queer Identity into the Irish language, expressing the wild beauty of being alive and queer in Ireland” - Amy Lamé, BBC Radio 6
“An intimate yet expansive musical journey that traces themes of sex, defiance, and life, the “Sexy” EP is yet another mark of the fearless and flamboyant sonic expression that has allowed Sexytadhg to stand out." - Earmilk
Clár Deireadh Seachtaine
Dé Sathairn, 11 Aibreán
• 11:00-13:00
• 14:00-16:00
• 20:00-22:00
Dé Domhnaigh, 12 Aibreán
• 12:00-14:00
• Cum Amhrán le Sexy Tadhg 14:30-17:00
• 18:00-21:00
Roghanna maidir le Ticéid
Is cuid é an t-imeacht seo de chlár dhá lá ina mbeidh 6 imeacht san iomlán (3 cinn Dé Sathairn, 11 Aibreán, agus 3 cinn eile Dé Domhnaigh, 12 Aibreán). Is féidir €10 a íoc as an imeacht aonair seo nó is féidir an Pas Deireadh Seachtaine (€50) a cheannach, rud a ligfidh duit freastal ar imeachtaí uile AerachAiteachGaelach i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Má tá sé i gceist agat freastal ar chúpla imeacht le AAG, gheobhaidh tú an luach is fearr ar an bPas Deireadh Seachtaine.
Mar gheall ar an gcaoi a n-oibríonn Eventbrite, tá an Pas Deireadh Seachtaine liostáilte mar imeacht Eventbrite ar leith.
Tabhair do d'aire: Má cheannaíonn tú an Pas Deireadh Seachtaine, ní gá duit aon ticéad eile a cheannach le haghaidh imeachtaí aonair AAG, tharla go bhfuil imeachtaí uile AAG ar fad san áireamh sa phas. Tá lascaine 20% ar fáil le haghaidh bhaill de chuid AerachAiteachGaelach.
**Is trí mheán na Gaeilge a chuirfear gach imeacht ar siúl. Beidh an damhsa ar siúl i nGaeilge agus i bPortaingéilis.
Where is it happening?
Cathal Brugha FET, North Strand Campus, 171 North Strand Road, Dublin, IrelandEUR 11.70



![The Toy Library Sensory Swap&Play in Dublin [Crowdfunded]](https://cdn-ip.allevents.in/s/rs:fill:500:250/g:sm/sh:100/aHR0cHM6Ly9jZG4tYXouYWxsZXZlbnRzLmluL2V2ZW50czQvYmFubmVycy9iOTQ0ZWE4Y2ZiZWM2YzQ0MDlmNWZmMTVlMjJiZTAxNTE5YTY1ZWUyMWZkZTYzYmY4M2Y3ZTk5MzlkMTIzM2FlLXJpbWctdzEyMDAtaDYwMC1kY2Y2ZDZkOC1nbWlyLmpwZz92PTE3NzQ0MDE0MTY.avif)















