Ceardlann ar an Sean-Nós le Séamus Ó Flatharta
Schedule
Sun Apr 12 2026 at 12:00 pm to 02:00 pm
UTC+01:00Location
Cathal Brugha FET, North Strand Campus | Dublin, DN
About this Event
Is amhránaí den scoth é agus tá muid ar bís go mbeidh sé linn i mBaile Átha Cliath chun ceird an tsean-nóis a mhúineadh dúinn sa cheardlann seo. Tar chugainn chun cúpla amhrán ar an sean-nós a fhoghlaim. Cuirfear na focail ar fáil agus múinfidh Séamus na foinn dúinn.
Clár Deireadh Seachtaine
Dé Sathairn, 11 Aibreán
• 11:00-13:00
• 14:00-16:00
• 20:00-22:00
Dé Domhnaigh, 12 Aibreán
• Ceardlann ar an Amhránaíocht ar an Sean-Nós le Séamus Ó Flatharta 12:00-14:00
• 14:30-17:00
• 18:00-21:00
Roghanna maidir le Ticéid
Is cuid é an t-imeacht seo de chlár dhá lá ina mbeidh 6 imeacht san iomlán (3 cinn Dé Sathairn, 11 Aibreán, agus 3 cinn eile Dé Domhnaigh, 12 Aibreán). Is féidir €10 a íoc as an imeacht aonair seo nó is féidir an Pas Deireadh Seachtaine (€50) a cheannach, rud a ligfidh duit freastal ar imeachtaí uile AerachAiteachGaelach i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Má tá sé i gceist agat freastal ar chúpla imeacht le AAG, gheobhaidh tú an luach is fearr ar an bPas Deireadh Seachtaine.
Mar gheall ar an gcaoi a n-oibríonn Eventbrite, tá an Pas Deireadh Seachtaine liostáilte mar imeacht Eventbrite ar leith.
Tabhair do d'aire: Má cheannaíonn tú an Pas Deireadh Seachtaine, ní gá duit aon ticéad eile a cheannach le haghaidh imeachtaí aonair AAG, tharla go bhfuil imeachtaí uile AAG ar fad san áireamh sa phas. Tá lascaine 20% ar fáil le haghaidh bhaill de chuid AerachAiteachGaelach.
**Is trí mheán na Gaeilge a chuirfear gach imeacht ar siúl. Beidh an damhsa ar siúl i nGaeilge agus i bPortaingéilis.
Where is it happening?
Cathal Brugha FET, North Strand Campus, 171 North Strand Road, Dublin, IrelandEvent Location & Nearby Stays:
EUR 11.70



















