Seimineár canúineolaíochta 2026

Schedule

Thu Nov 26 2026 at 09:00 am to 04:30 pm

UTC+00:00
Location

DCU St. Patrick's Campus | Dublin, DN

Advertisement
Tá seimineár canúineolaíochta á reáchtáil chun plé a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de chanúineolaíocht na Gaeilge in Éirinn agus in Albain.
About this Event

Ócáid á reáchtáil ag Gaois (Fiontar & Scoil na Gaeilge) ar an 26ú Samhain 2026 i DCU (ionad le deimhniú).

  • Aoichainteoir: an t-Ollamh Roibeard Ó Maolalaigh (Ollscoil Ghlaschú): 'Canúintí na Gàidhlige'
  • Cainteoirí eile atá deimhnithe: An Dr Diarmuid Ó Sé (UCD); An Dr Eoghan Ó Raghallaigh (MU); An t-Ollamh Mícheál Ó Mainnín (QUB); An Dr Charlie Dillon (MU); Róise Ní Bhaoill (údar, Ulster Gaelic Voices, 2010), an Dr Aindí Mac Giolla Chomhghaill (an Brainse Logainmneacha)

Is trí Ghaeilge a thabharfar na cainteanna (agus ní bheidh seirbhís ateangaireachta ar fáil). Cuirfear tae, caife agus lón ar fáil. Tá an seimineár á mhaoiniú mar chuid den tionscadal Canúint, atá á mhaoiniú ag Taighde Éireann trí scéim COALESCE agus ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Seolfar leagan nua den suíomh www.canúint.ie an tráthnóna sin in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, ar Bhóthar Burlington, mar chuid d’imeachtaí Thionól 2026. Beidh bailiúcháin nua taifeadtaí ar fáil ar an suíomh sa leagan nua seo ó chartlanna fuaime Acadamh Ríoga na hÉireann (Doegen), ó chartlann GLÓR Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus ó Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Advertisement

Where is it happening?

DCU St. Patrick's Campus, Drumcondra Road Upper, Dublin, Ireland

Event Location & Nearby Stays:

Tickets

EUR 0.00

Know what’s Happening Next — before everyone else does.
Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU
Host or PublisherGaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU

Ask AI if this event suits you