Ceardlann: Garraíodóireacht Orgánach
About this Event
Conas glasraí a fhás i do ghairdín/ i do chuibhreann, ar do bhalcóin féin, an chomhairle is fearr ó Aonghus Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha - feirmeoir agus múinteoir as Conamara atá ag plé le garraíodóireacht orgánach ar bhonn gairmiúil ó 2013 i leith. Bíonn Aonghus ag brath ar na scileanna seo chun a bheatha a shaothrú agus, mar sin, beidh a lán leideanna aige duit le tabhairt abhaile leat ar an lá. Beidh deis agat a lán eolais a fháil i lá amháin ar an gcúrsa, má bhíonn tú ag éisteacht go géar leis! Beidh sé ag insint duit faoi na nósanna a bhíonn ag saothraí gairmiúil ionas gur féidir leat iad a úsáid ón tús.
Agenda
🕑: 10:00 AM - 11:00 AM
Tús Maith Leath na hOibre
Info: Cur síos ar an obair a dhéanann Aonghus agus a fhoireann ar a fheirm “An Garraí Glas” i gConamara. Cloisfidh muid uait agus ó gach duine atá i láthair, ansin, faoin bpíosa talún, gairdín, spás nó fiú balcóin atá agaibh agus faoin méid ba mhaith libh a bhaint amach air. Is lá sóisialta é seo cé go mbeidh muid ag foghlaim freisin!
🕑: 11:00 AM - 12:30 PM
Liostaí Glasraí
Info: Cur síos ar na glasraí éagsúla a fhásann muid in aeráid na hÉireann agus liosta de na finte glasraí a mbaineann siad leo. Má théann muid trí na liostaí go sciobtha, faigheann muid léargas ar uainíocht na mbarr agus ar na galair agus na lotnaidí a bhíonn orthu agus ar na glasraí a bhfuil / nach bhfuil go leor beathú ag teastáil uathu. Beidh muid ag labhairt ar gach a bhfásann ar an bplanda e.g. duilleoga, fréamhachaí, buinneáin, bláthanna, na rudaí go léir ar an bplanda a bhíonn muid ag ithe! Beidh píosa spraoi againn leis seo, agus muid ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir na grúpaí glasraí a fhásann go tapa agus go mall mar aon leis na cinn a bhfuil sé éasca/ measartha éasca/ deacair iad a fhás. Is seisiún fada é seo ach beidh muid in ann cupán tae / caifé a ól agus cúpla briosca etc a ithe lena linn.
🕑: 12:30 PM - 01:15 PM
Suíomh
Info: Suíomh
Breathnóimid ar ghnáthghairdín ar an gclár bán agus ar na gnéithe éagsula de. Treo na leapachaí agus an tulláin, an bhfuil aghaidh an tsuímh ó thuaidh nó ó dheas etc, an ghnáthghaoith, na crainn, na ballaí, na claíochaí, aon rud a chuireann isteach ar ár nglasraí a bheith ag fás go sona sásta. Conas créafóg thorthúil a chothú. Is le linn an tseisiúin seo a bheidh muid ag caint ar aoileach, leasú, múirín, feamainn, agus ar bharra cumhdaigh (leasú glas).
🕑: 01:15 PM - 02:00 PM
Lón
Info: Cuirfidh Kari agus Its a Trap lón blasta orgánach veigéanach ar fáil dúinn as glasraí agus torthaí orgánacha a d’fhás muintir na háite ina gcuid gairdíní, ar an gcuibhreann in aice láimhe, agus i ngairdín na Craoibhe. Beidh deis againn ár nglasraí / ár dtorthaí féin a bhlaiseadh agus iad réitithe ag roinnt de na bialanna is fearr sa cheantar! Más mian libh aon ghlasraí a chur ar fáil dúinn roimh ré lena réiteach ag na bialanna seo, bígí i dteagmháil linn!
🕑: 02:00 PM - 02:30 PM
Teacht ar Shíolta, Pleanáil agus Glasraí a Fhás i nDiaidh a Chéile
Info: Na dreamanna is fearr le síolta a cheannach uathu, agus céard a bheadh uait. Cur síos gairid ar shíolta a shábháil agus ar na barra a bhfuil sé furasta agus ar fiú go mór síolta a shábháil uathu. Déanfaimid trácht, ar ndó, ar phleanáil agus ar roinnt de na bealaí inar féidir linn scairbhileoga a úsáid i bpleananna chun plandaí a chur. Labhróimid ar phlandaí a fhás i ndiaidh a chéile agus ar na rudaí a mbeadh teaghlach ag smaoineamh orthu agus iad ag iarraidh barr leasa a bhaint as a bpíosa talún i rith an tséasúir.
🕑: 02:30 PM - 03:15 PM
Turas ar Chuibhrinn Chorrán Grattan
Info: Tabharfadh muid cuairt ar Chuibhrinn Chorrán Grattan in aice leis an áras agus breathnóidh muid ar na glasraí i ngairdín na Craoibhe féin. Gheobhaidh sibh roinnt taithí phraiticiúil freisin mar taispeánfaidh mé daoibh conas síológa a athphlandú agus conas an leas is fearr is féidir a bhaint as grafán (hoe). Breathnóidh muid go sciobtha ar ghrafáin feirme éagsúla agus ar conas iad a úsáid.
🕑: 03:15 PM - 04:00 PM
Ceardlann Bheag ar Shíolta a Chur
Info: Conas síolta a chur agus cúpla ceacht ar na síológa a athphlandú. Beidh deis ag gach duine síolta a chur freisin, agus beidh gach duine in ann cúpla pota /tráidire ina mbeidh a gcuid síológ agus síolta athphlandaithe/ curtha a thabhairt
Where is it happening?
Event Location & Nearby Stays:
EUR 25.00



















