An Cluiche Snatch - Comórtas Draig Grinn
Schedule
Sat Apr 11 2026 at 08:00 pm to 10:00 pm
UTC+01:00Location
Annesley House | Dublin, DN
About this Event
Comórtas grinn draig! Is cluiche spraíúil é an Cluiche Snatch (bunaithe ar an 'Snatch Game' ó RuPaul's Drag Race) ina ngléasann rannpháirtithe mar dhaoine cáiliúla agus ina bhfreagraíonn siad ceisteanna éadroma seafóideacha. Bainfidh an t-iomaitheoir is fearr duais €300! Labhair le [email protected] le dul san iomaíocht tú féin.
Clár Deireadh Seachtaine
Dé Sathairn, 11 Aibreán
• 11:00-13:00
• 14:00-16:00
• An Cluiche Snatch - Comórtas Draig Grinn 20:00-22:00
Dé Domhnaigh, 12 Aibreán
• 12:00-14:00
• 14:30-17:00
• 18:00-21:00
Roghanna maidir le Ticéid
Is cuid é an t-imeacht seo de chlár dhá lá ina mbeidh 6 imeacht san iomlán (3 cinn Dé Sathairn, 11 Aibreán, agus 3 cinn eile Dé Domhnaigh, 12 Aibreán). Is féidir €10 a íoc as an imeacht aonair seo nó is féidir an Pas Deireadh Seachtaine (€50) a cheannach, rud a ligfidh duit freastal ar imeachtaí uile AerachAiteachGaelach i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Má tá sé i gceist agat freastal ar chúpla imeacht le AAG, gheobhaidh tú an luach is fearr ar an bPas Deireadh Seachtaine.
Mar gheall ar an gcaoi a n-oibríonn Eventbrite, tá an Pas Deireadh Seachtaine liostáilte mar imeacht Eventbrite ar leith.
Tabhair do d'aire: Má cheannaíonn tú an Pas Deireadh Seachtaine, ní gá duit aon ticéad eile a cheannach le haghaidh imeachtaí aonair AAG, tharla go bhfuil imeachtaí uile AAG ar fad san áireamh sa phas. Tá lascaine 20% ar fáil le haghaidh bhaill de chuid AerachAiteachGaelach.
**Is trí mheán na Gaeilge a chuirfear gach imeacht ar siúl. Beidh an damhsa ar siúl i nGaeilge agus i bPortaingéilis.
Where is it happening?
Annesley House, 70 North Strand Road, Dublin, IrelandEvent Location & Nearby Stays:
EUR 11.70



















